Scéim Deontais um Bearradh Fáil agus Ceannbhrat Tarchrochta 2026/2027
D’fhonn bearradh crann agus fáil cois bóthair a spreagadh, reáchtálann Comhairle Contae Liatroma Scéim Deontais um Bearradh Fáil. Tá an Scéim Deontais um Bearradh Fáil oscailte anois agus é mar aidhm aici bearradh fáil/crann cois bóthair ar an nGréasán Bóithre Poiblí a spreagadh. Tá sí oscailte do chách, idir iarratasóirí aonair, phobail agus ghrúpaí
- Caithfidh 1 chiliméadar ar a laghad den ghréasán bóithre a bheith i gceist le gach iarratas
- Is é €75 an deontas in aghaidh an chiliméadair den fhálú/de na crainn cois bóthair a bhearrtar
- Tá deontas breise de €50 in aghaidh an chiliméadair chun craobhacha/crainn chontúirteacha a ghobann amach thar an ngréasán bóithre poiblí a bhearradh (10 gcrann in aghaidh an chiliméadair ar a laghad)
Tá Téarmaí agus Coinníollacha i gceist, agus tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ach dul chuig www.leitrimcoco.ie nó teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Bóithre ar ríomhphost - roads@leitrimcoco.ie nó ar an bhfón ar 071 9620005 Síneadh 630. 630
Is é Dé hAoine, an 29 Eanáir 2027 an dáta deiridh a mbeifear ag glacadh le hiarratais
