Ordú Luasteorann Oibreacha Bóthair Maidir Leis An N4
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 2004
ORDÚ LUASTEORANN OIBREACHA BÓTHAIR MAIDIR LEIS AN N4
De bhun Alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004, tugann Comhairle Contae Liatroma fógra leis seo go bhfuil déanta aici:
Ordú Luasteorann Oibreacha Bóthair
de 60 ciliméadar san uair
maidir le Príomhbhóthar Náisiúnta an N4 ag an gCoirrín, ag Lios Suíocháin agus ag Droim Caorthainn.
An N4 ón gComhartha Geata 50 km/h / 100 km/h i mbailte fearainn an Choirrín, ar an mbealach go dtí Cora Droma Rúisc i gCo. Liatroma, ar feadh achar 0.85 ciliméadar, go dtí pointe roimh Acomhal Bhaile Shéamais ar an L3657
Beidh an Luasteorainn i bhfeidhm ó 8 am, Dé Luain, an 31 Lúnasa 2026 go 5 pm, Dé hAoine, an 5 Márta 2027, nó go dtí go mbeidh na hoibreacha críochnaithe, cibé acu is giorra.
