Doiciméid Ghaeilge

Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn ar an bPríomhshráid i nDroim Caorthainn, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí:            10:00 - 20:00 an Dé Sathairn 15 Lúnasa 2026
Suíomh:        An Phríomhshráid (R280), ó acomhal an R280-24 le bóthar áitiúil an L-4251-0 go dtí acomhal an R280-25 leis an R200-1 (Bóthar na Damhshraithe).
Malairt Slí:   Tóg an R-200 (Bóthar na Damhshraithe) go dtí acomhal an L-4250 go dtí an t-acomhal leis an R-280 (Bóthar Chora Droma Rúisc).

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 27 Iúil 2026