Dúnadh Bóthair Sealadach - Togra
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar oibreacha athshlánaithe ar an bpríomhlíonra uisce, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Liatroma cinneadh a dhéanamh na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Suíomh: An R209, Ceis Charraigín go Bóthar Fhíonach, i mbailte fearainn Léim an Ois/Dhroim Litean (Besborough)
Dátaí: Dé Luain, an 29 Meitheamh go dtí Dé hAoine, an 17 Iúil 2026 (agus an dá lá sin san áireamh)
Malairt Slí: Trácht le cur ar mhalairt slí ar anR209/R210/R208/R202 & R209
Tabhair faoi deara: Beidh rochtain ag muintir na háite agus ag na seirbhísí éigeandála ar an mbóthar i rith an ama.
Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Luain, an 8 Meitheamh 2026
