Dúnadh Bóthair Sealadach - Rás Cnoic Cuimhneacháin Tom Devaney
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Rás Cnoic Cuimhneacháin Tom Devaney. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma cinneadh a dhéanamh na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Dátaí: Ó 08:30 go 18:30, Dé Sathairn,an 11 Iúil 2026 agus ó 08:30 go 18:30, Dé Domhnaigh, an 12 Iúil 2026
Suíomhanna: An L-4260 ón acomhal leis an R287 ag Coill an Anama go dtí Acomhal na gCúig Bhóthar. An L-4263 agus an L-4264, Bóthar Bhaile an Tóchair ón
acomhal leis an R289 ag Droim Chonchúir go dtí an t-acomhal leis an L-4252/L-4262
Malairt Slí: Ó acomhal an L-4264 agus an R289 ag Droim Chonchúir tríd an R289 agus an R287. Ó acomhal an R287 agus an L-4260 tríd an L4252. Ó
acomhal an L4263/L5252 tríd an L4252
Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Luain, an 22 Meitheamh 2026
