Doiciméid Ghaeilge

Dréacht-Fhodhlíthe um Thrácht ar Bhóithre

Dréacht-Fhodhlíthe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta – Contae Liatroma), 2026

Céim 2 de 4 - Cur i bhFeidhm Luasteorainneacha i Limistéir Thógtha agus Uirbeacha

Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Liatroma, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dhílsítear di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú, Fodhlíthe a dhéanamh i gcomhréir le Céim 2 den Athbhreithniú Náisiúnta ar Luasteorainneacha, eadhon, na Dréacht-Fhodhlíthe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta – Contae Liatroma), 2026.    Is é is cuspóir do na Fodhlíthe sin luasteorainneacha speisialta a chur i bhfeidhm ar bhóithre poiblí agus, go háirithe, Luasteorainn 30km/h a chur i bhfeidhm laistigh de na Limistéir Uirbeacha agus Thógtha seo a leanas i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Liatroma:-

Ceantar Bardasach Chora Droma Rúisc – Bailte/láir uirbeacha Chora Droma Rúisc, Mhaothla, Dhromad agus Liatroma.
Ceantar Bardasach Bhéal an Átha Móir – Bailte/láir uirbeacha Bhéal an Átha Móir, Charraig Álainn agus Dhroim Seanbhó.
Ceantar Bardasach Chluainín – Bailte/láir uirbeacha Chluainín, Dhroim Dhá Thiar, Dhroim Caorthainn agus Chionn Locha.

Tá an t-athbhreithniú á dhéanamh i gcomhréir leis an leagan nuashonraithe de “na Treoirlínte maidir le Luasteorainneacha a Shocrú agus a Bhainistiú in Éirinn”, arna n-eisiúint ag an Roinn Iompair.

Tá na Dréacht-Fhodhlíthe agus na léarscáileanna gaolmhara ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Liatroma - https://www.leitrim.ie

Ina theannta sin, beidh cóipeanna de na Dréacht-Fhodhlíthe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta – Contae Liatroma), 2026 agus de na léarscáileanna gaolmhara ar fáil lena n-iniúchadh le linn na ngnáthuaireanta oifige (Luan – Aoine ó 9:30 a.m. – 1:00 p.m. agus ó 2:00 p.m. – 4:30 p.m.) sna háiteanna seo a leanas ó Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair 2026 go Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2026, agus an dá dháta sin san áireamh:

  • Oifigí Chomhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma (N41 PF67)
  • Oifig Cheantair Chomhairle Contae Liatroma, an Bóthar Nua, Cluainín, Co. Liatroma (F91 AC8Y)
  • Leabharlann Chomhairle Contae Liatroma, an tSráid Mhór, Béal an Átha Móir, Co. Liatroma (N41 E061) - le linn Uaireanta Oscailte na Leabharlainne

Is féidir aighneachtaí nó agóidí i ndáil leis na Fodhlíthe atá beartaithe a dhéanamh i scríbhinn:

  • Tríd an bPost chuig: An Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma
  • Tríd an Ríomhphost chuig:  roads@leitrimcoco.ie.

Ba cheart “Aighneacht maidir leis na Dréacht-Fhodhlíthe um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha Speisialta – Contae Liatroma), 2026” a bheith luaite go soiléir ar gach aighneacht.  Déanfaidh Comhairle Contae Liatroma breithniú ar aon aighneachtaí/agóidí den sórt sin a gheofar.

Ní ghlacfar le haighneachtaí i ndiaidh 4 p.m., Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2026.