Doiciméid Ghaeilge

Charnabhal Fhíonach - Togra

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Charnabhal Fhíonach. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh:               Sráidbhaile Fhíonach, an L1511-1 (acomhal ag teach tábhairne Quinn's go dtí an t-acomhal ina dhiaidh sin)
Dátaí:                    14:00 - 18:00, Dé Domhnaigh, an 2 Lúnasa 2026
Malairt slí:         R202-21 An Ghréach, trí Dhún Ó bhFionnalaigh (L5514-0, L5515-2, L5516-0) go dtí L1511-1 i nDroim Thorcáin

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Luain, an 13 Iúil 2026.