Doiciméid Ghaeilge

Charnabhal Fhíonach (Cinneadh)

 

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Charnabhal Fhíonach. Tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh:             Sráidbhaile Fhíonach, an L1511-1 (acomhal ag teach tábhairne Quinn's go dtí an t-acomhal ina dhiaidh sin)
Dátaí:                 14:00 - 18:00, Dé Domhnaigh, an 2 Lúnasa 2026
Malairt slí:         R202-21 An Ghréach, trí Dhún Ó bhFionnalaigh (L5514-0, L5515-2, L5516-0) go dtí L1511-1 i nDroim Thorcáin

Gabhann Comhairle Contae Liatroma leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht