Doiciméid Ghaeilge

Bóithre a Dhúnadh go Sealadach (Cinneadh)

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Rás Cnoic Cuimhneacháin Tom Devaney. Tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí:                            Ó 08:30 go 18:30, Dé Sathairn,an 11 Iúil 2026 agus ó 08:30 go 18:30, Dé Domhnaigh, an 12 Iúil 2026

Suíomhanna:             An L-4260 ón acomhal leis an R287 ag Coill an Anama go dtí Acomhal na gCúig Bhóthar. An L-4263 agus an L-4264, Bóthar Bhaile an Tóchair ón acomhal leis an R289 ag Droim Chonchúir go dtí an t-acomhal leis an L-4252/L-4262

Malairt Slí:                 Ó acomhal an L-4264 agus an R289 ag Droim Chonchúir tríd an R289 agus an R287. Ó acomhal an R287 agus an L-4260 tríd an L4252. Ó acomhal an L4263/L5252 tríd an L4252

Gabhann Comhairle Contae Liatroma leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht