An R209 - an bóthar ó Cheis Charraigín go Fíonach
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Oibreacha Athshlánúcháin ar Phríomhphíobán Uisce ó Thuamán go Ceis Charraigín. Tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Dátaí: an 16 Samhain 2026 go dtí an 22 Eanáir 2027
Tabhair faoi deara: Beidh an bóthar oscailte go hiomlán thar thréimhse na Nollag (an 18 Nollaig 2026 go dtí an 4 Eanáir 2027)
Tabhair faoi deara: Níor dúnadh an bóthar ón 21/09/26 go dtí an 23/10/26 de bhun an iarratais roimhe seo mar a bhí beartaithe
Suíomh: An R209 - an bóthar ó Cheis Charraigín go Fíonach
Malairt Slí: Trácht le cur ar mhalairt slí ar an R209/an R210/an R208/an R202 agus an R209
Beidh rochtain ag muintir na háite agus ag na seirbhísí éigeandála ar an mbóthar i rith an ama
Gabhann Comhairle Contae Liatroma leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht
