An R209 - an bóthar ó Cheis Charraigín go Fíonach
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Oibreacha Athshlánúcháin ar Phríomhphíobán Uisce ó Thuamán go Ceis Charraigín. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma cinneadh a dhéanamh na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Dátaí: An 16 Samhain 2026 go dtí an 22 Eanáir 2027
Tabhair faoi deara: Beidh an bóthar oscailte go hiomlán thar thréimhse na Nollag (an 18 Nollaig 2026 go dtí an 4 Eanáir 2027)
Tabhair faoi deara: Níor dúnadh an bóthar ón 21/09/26 go dtí an 23/10/26 de bhun an iarratais roimhe seo mar a bhí beartaithe
Suíomh: An R209 - an bóthar ó Cheis Charraigín go Fíonach
Malairt Slí: Trácht le cur ar mhalairt slí ar an R209/an R210/an R208/an R202 agus an R209
Beidh rochtain ag muintir na háite agus ag na seirbhísí éigeandála ar an mbóthar i rith an ama.
Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair 2026
