Doiciméid Ghaeilge

an Ollchóisir Ceoil Tíre i gCluainín - Togra

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar an Ollchóisir Ceoil Tíre i gCluainín, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh: An Phríomhshráid, Cluainín

Dáta/Am: ó 15:00, Dé Sathairn, an 25 Iúil 2026 go dtí 01:00, Dé Domhnaigh, an 26 Iúil 2026

An Bóthar a Bheidh Dúnta: Bóthar Réigiúnach an R280-48, an Phríomhshráid, Cluainín, ag tosú ag an acomhal idir bóthar náisiúnta an N16 agus an Phríomhshráid (R-280-48), agus ag críochnú ag an acomhal idir an Phríomhshráid (R-280-48) agus Lána an Teampaill (L-6643-1)

Malairt Slí: Ní bheidh aon mhalairt slí ann – lean na comharthaí bóthair atá ann cheana féin

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Luain, an 6 Iúil 2026.