Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn ar an bPríomhshráid i nDroim Caorthainn, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre seo a leanas a dhúnadh:
Dátaí: Dé Sathairn, an 16 Lúnasa 2025, 10:00 - 20:00
Domhnach, an 24 Lúnasa 2025, 19:00 - 23:00
Suíomh: An Phríomhshráid (R280), ó acomhal an R280-24 le bóthar áitiúil an L-4251-0 go dtí acomhal an R280-25 leis an R200-1 (Bóthar na Damhshraithe).
Malairt Slí: Tóg an R-200-1, R-200-2 (Bóthar na Damhshraithe) go dtí acomhal an L-4250-1, agus ar aghaidh ansin ar an L-4250-1 go dtí an t-acomhal leis an R-280-23 (Bóthar Chora Droma Rúisc).