Doiciméid Ghaeilge

Féile Tealaigh Bhéal an Átha Móir - Togra

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Féile Tealaigh Bhéal an Átha Móir. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh:              An tSráid Ard (an R202-31) agus an Phríomhshráid (an R202-29 agus an R202-30) i mBéal an Átha Móir
Dátaí:                    Dé Domhnaigh, an 9 - Dé Luain, an 17 Lúnasa, mar atá thíos
                              Dé Domhnaigh, an 9ú lá, 12.30 - 00.00
                              Dé Luain, an 10ú lá, 19:00 - 00.00
                              Dé Máirt, an 11ú lá, 19:00 - 00.00
                              Dé Céadaoin, an 12ú lá, 19:00 - 00.00
                              Déardaoin, an 13ú lá, 19:00 - 00.00
                              Dé hAoine, an 14ú lá, 19:00 - 00.00
                              Dé Sathairn, an 15ú lá, 14:30 - 15:30 & 19:00 - 1:00 (Dé Domhnaigh, an 16ú lá)
                              Dé Domhnaigh, an 16ú lá, 12:00 - 01:00 (Dé Luain, an 17ú lá)                

Malairt slí:         Trácht ag teacht ón R202 (Bóthar Mhaothla), casfaidh sé ar dheis tar éis an droichid le dul ar an L1352-2 (Bóthar na Líne Nua). Trácht ag teacht ón R199 (Bóthar na Dúcharraige), casfaidh sé ar chlé tar éis acomhal an R202 le dul ar an L1353-1 (Bóthar na Líne Nua).

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma nó tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie faoi 16:00, Dé Luain, an 20 Iúil 2026.