Dúnadh Bóthair Sealadach - Togra
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche crainn chontúirteacha a leagan i nGort na bhFán. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Suíomh: L-73141-0 i nGort na bhFán, Droim Seanbhó
Dátaí: an 11 Bealtaine go dtí an 29 Bealtaine 2026 (agus an dá lá sin san áireamh)
Malairt slí: Ní bheidh aon mhalairt slí ann ach déanfar soláthar do rochtain áitiúil
Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 20 Aibreán 2026
