Doiciméid Ghaeilge

Carnabhal Chora Droma Rúisc - Togra

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche Carnabhal Chora Droma Rúisc a éascú i gCora Droma Rúisc. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dáta:         Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine ó 18:00 go dtí Déardaoin, an 28 Bealtaine ag 22:00
Suíomh:   An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta agus Droichead na Sionainne

Dáta:         Dé Sathairn, an 30 Bealtaine, 07:00 – 18:00
Suíomh:   An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta, go Droichead na Sionainne, mar aon leis an gcarrchlós agus an bóthar (L-3399) ag Abhainn na Gealaí go Droichead na Sionainne

Dáta:         Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine, 09:00 - 00:00 (meán oíche)
Suíomh:    An carrchlós agus an bóthar (L-3399) ag Abhainn na Gealaí go Droichead na Sionainne. An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta agus Droichead na Sionainne

Roghanna Eile: Iarrtar ort úsáid a bhaint as an gcarrchlós eile, a dtugtar “Gort Uí Fhloinn” air, le páirceáil agus úsáid a bhaint as príomhbhealach an N4 mar mhalairt slí.

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 11 Bealtaine 2026