Carnabhal Chora Droma Rúisc - Cinneadh
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche Carnabhal Chora Droma Rúisc a éascú i gCora Droma Rúisc. Tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre poiblí/na páirceálacha gluaisteán seo a leanas a dhúnadh:
Dáta: Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine ó 18:00 go dtí Déardaoin, an 28 Bealtaine ag 22:00
Suíomh: An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta agus Droichead na Sionainne
Dáta: Dé Sathairn, an 30 Bealtaine, 07:00 – 18:00
Suíomh: An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta, go Droichead na Sionainne, mar aon leis an gcarrchlós agus an bóthar (L-3399) ag Abhainn na Gealaí go Droichead na Sionainne
Dáta: Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine, 09:00 - 00:00 (meán oíche)
Suíomh: An carrchlós agus an bóthar (L-3399) ag Abhainn na Gealaí go Droichead na Sionainne. An carrchlós agus an bóthar ag an gCé (L-3399-4), cóngarach don Chlub Rámhaíochta agus Droichead na Sionainne
Roghanna Eile: Iarrtar ort úsáid a bhaint as an gcarrchlós eile, a dtugtar “Gort Uí Fhloinn” air, le páirceáil agus úsáid a bhaint as príomhbhealach an N4 mar mhalairt slí.
