Doiciméid Ghaeilge

An Phríomhshráid, Cluainín (Cinneadh)

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar an Ollchóisir Ceoil Tíre i gCluainín, tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh:              An Phríomhshráid, Cluainín
Dáta/Am:           ó 15:00, Dé Sathairn, an 25 Iúil 2026 go dtí 01:00, Dé Domhnaigh, an 26 Iúil 2026
An Bóthar a Bheidh Dúnta:         Bóthar Réigiúnach an R280-48, an Phríomhshráid, Cluainín, ag tosú ag an acomhal idir bóthar náisiúnta an N16 agus an Phríomhshráid (R-280-48), agus ag críochnú ag an acomhal idir an Phríomhshráid (R-280-48) agus Lána an Teampaill (L-6643-1)
Malairt Slí:          Ní bheidh aon mhalairt slí ann – lean na comharthaí bóthair atá ann cheana féin

 Gabhann Comhairle Contae Liatroma leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht