Bathing Waters

Public Participation - Identification of new Bathing Waters

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use. To help with this process, Leitrim County Council are asking people who swim at beaches and lakes to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming but not identified at the present time.

Under European and Irish law, local authorities must identify bathing waters each year so that these areas can be monitored to ensure they meet stringent microbiological water quality standards. In some cases, the official bathing areas are also the areas where local authorities focus their resources providing lifeguards during the summer season. These laws also require that the local authority prepares detailed descriptions or profiles for each of the identified bathing water sites that describe not just the bathing area but also areas in the surface waters catchment area that could be a source of pollution. The profiles include an assessment of the risk of pollution and what action would be taken if pollution occurs.

Keeldra Lake has been identified again for the 2025 bathing season.

If you are a regular swimmer and want to help your Council decide which bathing areas should be classified as such, please review the criteria set out in the EPA document ‘Public advise on the identification of new bathing areas’ which is available for download at http://www.beaches.ie/epa-bathing-water-advice-guidance-documents/. This document includes the template required to make your submission.

Submissions can be made, using the required application template, by email to environment@leitrimcoco.ie. Closing date for all applications is 18th September 2026.

For further information please contact environment@leitrimcoco.ie / (071) 9620005.

The bathing water quality results and annual classification of bathing waters can be viewed at www.beaches.ie.

 

 

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.

D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Chontae Liatroma ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair. 

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Loch Keeldra a roghnaithe arís don séasúr snámha 2025.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú le do Chomhairle áitiúil a chinneadh faoi cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir an meid a luáítear thuas, déan measúnú, le do thoil, ar an critéir atá leagtha amach i doiciméid an Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil “Public advice on the identification of new bathing areas” ar féidir íoslodáil ag http://www.beaches.ie/epa-bathing-water-advice-guidance-documents/. Tá an teimpléad atá de dhith chun d’aighneacht a dhéanamh le fáil sa doiciméid seo.

Is féidir iarratais a dhéanamh, ag úsáid an teimpléid iarratais atá riachtanach, trí r-phost chuig environment@leitrimcoco.ie.

Is é an 18ú Meán Fomhair 2026 an dáta deiridh do gach cur isteach. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le environment@leitrimcoco.ie / (071) 9620005.

Is féidir torthaí an cháilíocht uisce agus rangú uisce bhliantúil a fheiceáil ag www.beaches.ie.