Doiciméid Ghaeilge

BótharDúnta - gCoill Bhó Deirge, Cnoc an tSamhraidh, Cora Droma Rúisc

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach

De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh Uisce Éireann agus iad i mbun Oibreacha Athshlánúcháin ar Phríomhphíobáin Fuíolluisce i gCora Droma Rúisc. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Suíomh:             An L3413-0 i gCoill Bhó Deirge, Cnoc an tSamhraidh, Cora Droma Rúisc
Dátaí:                 An 22 Meán Fómhair go dtí an 28 Samhain 2025
Malairt Slí:        Cuirfear gach trácht ar mhalairt slí ar an L3412, an N4 agus an L3408 (ar a dtugtar Bóthar Achadh an Chartha go háitiúil) agus ar ais chuig an L3413-0

Summerhill-Diversions

Beidh cead isteach ag feithiclí éigeandála i gcónaí. Beidh cead isteach ag gnólachtaí agus ag cónaitheoirí áitiúla, ach seans go mbeidh an cead isteach sin teoranta do thréimhsí áirithe ama.

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 1 Meán Fómhair 2025.