Doiciméid Ghaeilge

Bóthar le Dúnadh: An Phríomhshráid, Cluainín (R280)

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Leitrim Live & Loud Show i gCearnóg an Mhargaidh, an Phríomhshráid, Cluainín. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dáta:     28 Meitheamh 2025, 17:00 – 00:00

Suíomh:               An Phríomhshráid, Cluainín (R280), ag tosú ag an acomhal idir an N16 agus an R280 ag Bóthar Shligigh, agus ag críochnú ag an acomhal idir an R280 agus L2643-1 ag Lána an Teampaill.

Malairt Slí:          Ag taisteal duit ó Chora Droma Rúisc go Cionn Locha ar an R280, cas ar dheis ag an acomhal ar an bPríomhshráid (R280 agus L2643-1), lean ar aghaidh ar an bPríomhshráid Uachtarach (L2643-1) go dtí timpeallán an N16, cas ar chlé ag an timpeallán agus lean ort ar an N16 ar an Líne Nua, cas ar dheis ag na soilse tráchta agus lean ort ar an R280 ag Sráid an Chaisleáin agus ar aghaidh chuig Ceann Locha.

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, faoi 16:00, Dé Luain, an 9 Meitheamh 2025.