an Ollchóisir Chontae i gCluainín
Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar an Ollchóisir Chontae i gCluainín, tugtar fógra leis seo gur chinn Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh
Dáta/Am: 12:00 (meán lae), Dé Sathairn, an 26 Iúil go dtí 03: 00, Dé Domhnaigh, an 27 Iúil 2025.
An Bóthar a Bheidh Dúnta: Bóthar Réigiúnach an R280-48, an Phríomhshráid, Cluainín, ag tosú ag an acomhal idir bóthar náisiúnta an N16 agus an Phríomhshráid (R-280-48), agus ag críochnú ag an acomhal idir an Phríomhshráid (R-280-48) agus Lána an Teampaill (L-6643-1)
Malairt Slí: Ag taisteal duit ó Chora Droma Rúisc go Cionn Locha ar an R280, cas ar dheis ag an acomhal idir an Phríomhshráid (R280-48) agus Lána an Teampaill (L-6643-1), lean ar aghaidh ar an bPríomhshráid Uachtarach (L-2643-1) go dtí timpeallán an N16, cas ar chlé ag timpeallán an N16 i dtreo Shligigh/Bhun Dobhráin ar an Líne Nua agus lean ar aghaidh go dtí na soilse tráchta agus an t-acomhal idir an N16 agus Sráid an Chaisleáin (R-280-49), cas ar dheis ag na soilse tráchta le dul chuig Sráid an Chaisleáin (R-280-49) agus ar aghaidh leat ansin chuig Ceann Locha.