An L3413-0 i gCoill Bhó Deirge, Cnoc an tSamhraidh, Cora Droma Rúisc
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh Uisce Éireann agus iad i mbun Oibreacha Athshlánúcháin ar Phríomhphíobáin Fuíolluisce i gCora Droma Rúisc. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh:
Suíomh: An L3413-0 i gCoill Bhó Deirge, Cnoc an tSamhraidh, Cora Droma Rúisc
Dátaí: an 22 Meán Fómhair go dtí an 28 Samhain 2025
Malairt Slí: Cuirfear gach trácht ar mhalairt slí ar an L3412, an N4 agus an L3408 (ar a dtugtar Bóthar Achadh an Chartha go háitiúil) agus ar ais chuig an L3413-0
Beidh cead isteach ag feithiclí éigeandála i gcónaí. Beidh cead isteach ag gnólachtaí agus ag cónaitheoirí áitiúla, ach seans go mbeidh an cead isteach sin teoranta do thréimhsí áirithe ama.