Sustainable Development Goals

Sustainable Development Goals (SDG)

SDG-Week

Expressions of Interest sought for participants of the 2025-2026 Sustainable Development Goal (SDG) Champions Programme

The Department of Climate, Energy and the Environment is seeking Expressions of Interest for participants of the 2025-2026 SDG Champions Programme.

Established in 2019, the SDG Champions Programme is a non-funded programme, developed to raise public awareness of the SDGs and to demonstrate, through best practice examples provided by the SDG Champions, that everyone in society can make a contribution to the 2030 Agenda for Sustainable Development.

Under the Programme, the Minister for Climate, Energy and the Environment will appoint several organisations as SDG Champions for a period of 18 months from September 2025. The organisations will be selected from a wide range of geographic areas and sectors of Irish society, representing the commitment to sustainable development across the public, private, community, voluntary, youth and NGO sectors. Applications will be accepted from organisations/groups based in the Republic of Ireland. This can include cross-border, multi-national organisations with Irish operations.

Role and Responsibilities of the SDG Champion

Role:
  • Advocate and promoter of the SDGs and sustainable development.
  • Acts as a good practice example of how an organisation or group can contribute to the SDGs and integrate the SDGs into their work or activities.
  • Shares learnings with others.

Responsibilities:

  • Ongoing promotion of and linking of work to the SDGs.
  • Quarterly updates on related work and activities, including information on outreach. activities among communities, stakeholders or customers.
  • Organisation of an SDG-related or promotional event during the lifetime of being an SDG Champion (ideally to take place during SDG Week).
  • Contribution at end-of-term showcasing event.

Role of the Department of Climate, Energy and the Environment

The Department will provide support to the Champions in promoting the SDGs through:

  • Organisation of an introductory workshop, quarterly meetings, end-of-term showcase and other SDG-related events
  • Providing Champions with an information pack, including guidance on the Programme, quarterly reporting templates and brand assets for promoting the SDGs.
  • Inclusion of information and activities relating to Champions’ initiatives on Ireland’s SDG Geohive.
  • Providing guidance and information on SDG mapping tools for Champions to map projects and activities to the SDGs.

How to Apply

  • Applications will be accepted in written, email or video format.
  • Please submit your application on behalf of your organisation as a whole. Applications submitted representing an individual/individuals will not be considered.
  • Please limit applications to no more than 600 words or no longer than a 4-minute video. In the interest of fairness to all participants, applications that exceed this limit will not be judged in their entirety and a penalty will apply to the final score. Please note that this word count also applies to slides/presentations within video applications.
  • Please use clear and concise language and ensure that responses are focused and specific.
  • When providing examples of how your activities or work contribute to the SDGs, you can also refer to individual SDGs and targets – these can be found on gov.ie or on sdgs.un.org/goals.
  • Please feel free to include relevant links to support your examples of your work and promotion of the SDGs. Please note, however, that these supporting materials will not form part of the judging criteria and will only be used as illustration of your examples.
  • To ensure a broad representation of sectors of society, applications will be drawn from a wide range of sectoral areas and geographic locations. Please also include in your application, which category your organisation / group falls into:
    • Business – large (250 employees or more)
    • Business – Small medium and other (less than 250 employees)
    • Education
    • Local authority and state agency
    • Tidy towns and community group
    • NGO /charity / social enterprise
    • Tourism, sport and media
    • Youth
    • Other (Please specify/give a brief description)

 If you feel your organisation or group falls into more than one of these categories, please indicate this.

Application Questions

If your organisation or group is interested in applying to become an SDG Champion, please answer the following questions in your application. (Total 50 marks)

  1. Why is your organisation/group interested in becoming an SDG Champion? (5 marks)
  2.  How does the work of your organisation/group contribute to the SDGs? Please provide two examples of activities or work that your organization/group does or has done, which help to achieve the SDGs, also identifying which SDGs in particular they are contributing to. Identify any factors which may make your organisation unique in its approach, or may make your impact as a Champion particularly meaningful. (25 marks)
  3. If you were selected as an SDG Champion, how would you intend to:

(i) promote and raise awareness of the SDGs outside your organisation (e.g. among the community, stakeholders, customers, club/society/branch members)? (10 marks)

 (ii) promote and embed the SDGs into the internal operations and work of your organisation (e.g. with regard to operations, strategic planning, among staff/volunteers)? (10 marks)

Please provide specific examples of activities or work that you would undertake.

 Please send your application to SDGs@dcee.gov.ie and include your preferred contact details.

 Please send written applications to: SDGs Team,

Department of Climate, Energy and the Environment, Tom Johnson House,

Haddington Road, D04 K7X4

 All Expressions of Interest must be received by 5pm, Wednesday, 30 July 2025.

 

Iarrtar Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-2026

 Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag iarraidh Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-2026.

Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Is clár neamhchistithe é a forbraíodh chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí dea-chleachtais a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Faoin gClár, ceapfaidh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil roinnt eagraíochtaí mar Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar feadh tréimhse 18 mí ó mhí Mheán Fómhair 2025 i leith. Roghnófar na heagraíochtaí as measc raon leathan limistéar geografach agus earnálacha de shochaí na hÉireann, agus iad ag déanamh ionadaíocht don tiomantas don fhorbairt inbhuanaithe atá ann ar fud na n-earnálacha poiblí, príobháideacha, pobail, deonacha, óige agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí agus ó ghrúpaí atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Áirítear leo sin eagraíochtaí trasteorann ilnáisiúnta a bhfuil oibríochtaí ar bun acu in Éirinn.

Ról agus Freagrachtaí Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Ról:
  • Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
  • Gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht nó le grúpa rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí.
  • An méid a fhoghlaimíonn siad a chomhroinnt le daoine eile.

Freagrachtaí:

  • Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn, agus obair a nascadh leo, go leanúnach.
  • An t-eolas is deireanaí a thabhairt gach ráithe ar obair ghaolmhar agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear faisnéis faoi fhor-rochtain agus faoi ghníomhaíochtaí i measc pobal, geallsealbhóirí nó custaiméirí.
  • Imeacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó imeacht cur chun cinn a eagrú le linn dóibh a bheith ina gCuradh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (b’fhearr an t-imeacht sin a chur ar siúl le linn Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe).
  • Rannchuidiú a dhéanamh ag sárthaispeántas deireadh téarma.

Ról na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Tacóidh an Roinn leis na Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Ceardlann tosaigh, cruinnithe ráithiúla, sárthaispeántas deireadh téarma agus imeachtaí eile a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a eagrú
  • Paca faisnéise a sholáthar do na Curaidh, lena n-áirítear treoir maidir leis an gClár, teimpléid tuairiscithe ráithiúil, agus sócmhainní branda lena n-úsáid chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn
  • Faisnéis agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscnaimh na gCuradh a chur ar áireamh in GeoHive na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
  • Treoir agus faisnéis a thabhairt do na Curaidh maidir le huirlisí léarscáilithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun gur féidir leo tionscadail agus gníomhaíochtaí a léarscáiliú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Conas Iarratas a Dhéanamh

  • Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa, ríomhphoist nó físeáin.
  • Cuir d’iarratas isteach thar ceann d’eagraíochta ina hiomláine. Ní bhreithneofar aon iarratais a bhaineann le duine aonair/daoine aonair.
  • Ná scríobh níos mó ná 600 focal i d’iarratas agus ná cuir físeán atá níos faide ná 4 bhreithneofar ina n-iomláine iarratais atá níos faide ná an teorainn sin, 

    agus cuirfear pionós i bhfeidhm i leith an scóir deiridh. Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an líon focal sin freisin maidir le sleamhnáin/láithreoireachtaí laistigh d’iarratais físeáin.

  • Bain úsáid as teanga atá soiléir agus achomair, agus cinntigh go bhfuil do fhreagraí dírithe agus sonrach.
  • Agus samplaí á dtabhairt agat den dóigh a rannchuidíonn do chuid gníomhaíochtaí nó oibre leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, is féidir leat tagairt a dhéanamh freisin do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aidhmeanna aonair – is féidir iad sin a fháil ar gov.ie nó ar sdgs.un.org/goals.
  • Is féidir leat naisc ábhartha a thabhairt chun tacú le do shamplaí de do chuid oibre agus den dóigh a gcuireann tú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cinn. Tabhair faoi deara, áfach, nach gcuirfear na hábhair thacaíochta sin san áireamh sna critéir bhreithniúcháin agus nach n-úsáidfear iad ach amháin chun do shamplaí a léiriú.
  • Chun ionadaíocht leathan na n-earnálacha éagsúla den tsochaí a chinntiú, tarraingeofar iarratais ó raon leathan réimsí earnála agus láithreacha gheografacha. Luaigh i d’iarratas freisin cén chatagóir faoina dtagann d’eagraíocht nó do ghrúpa:
    • Gnólacht – gnólacht mór (250 fostaí nó níos mó)
    • Gnólacht – Gnólacht beag nó meánmhéide nó gnólacht eile (níos lú ná 250 fostaí)
    • Oideachas
    • Údarás áitiúil agus gníomhaireacht stáit
    • Grúpa bailte slachtmhara agus grúpa pobail
    • Eagraíocht neamhrialtasach/carthanas/fiontar sóisialta
    • Turasóireacht, spórt agus meáin
    • An óige
    • Eile (sonraigh/tabhair tuairisc ghairid)

Má cheapann tú go dtagann d’eagraíocht nó do ghrúpa faoi níos mó ná ceann amháin de na catagóirí sin, cuir an méid sin in iúl.

Ceisteanna Iarratais

Má tá spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa in iarratas a dhéanamh ar ghníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, freagair na ceisteanna seo a leanas i d’iarratas. (50 Marc san Iomlán)

  1. Cén fáth go bhfuil spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa i ngníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? (5 mharc)
  2. Cén dóigh a rannchuidíonn obair d’eagraíochta nó do ghrúpa leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? Tabhair dhá shampla de na cineálacha gníomhaíochtaí nó oibre a dhéanann nó a rinne d’eagraíocht nó do ghrúpa agus a chabhraigh nó a chabhraíonn leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Sainaithin freisin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar leith a rannchuidigh nó a rannchuidíonn siad leo. Sainaithin aon tosca a fhágann go bhféadfadh cur chuige d’eagraíochta a bheith uathúil nó go bhféadfadh d’eagraíocht tionchar fiúntach ar leith a bheith aici mar Churadh. (25 mharc)
  3. Dá roghnófaí mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe thú, cén dóigh a ndéanfá na nithe seo a leanas:

(i) na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt

orthu lasmuigh de d’eagraíocht (e.g., i measc an phobail, geallsealbhóirí, custaiméirí, baill chlub/chumainn/bhrainse)? (10 marc)

(ii) na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus a leabú isteach in obair d’eagraíochta (e.g., i ndáil le hoibríochtaí, i ndáil le pleanáil straitéiseach, i measc baill foirne/oibrithe deonacha)? (10 marc)

Tabhair samplaí sonracha de na cineálacha gníomhaíochtaí nó oibre a dhéanfá.

 Seol d’iarratas chuig SDGs@dcee.gov.ie agus cuir do mhionsonraí teagmhála roghnaithe ar áireamh ann.

Seol iarratais scríofa chuig:

An Fhoireann um Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Teach Tom Johnson,

Bóthar Haddington, D04 K7X4

 Ní mór gach Léiriú Spéise a fháil faoi 5pm, Dé Céadaoin, 30 Iúil 2025.

 

 Climate-Action-leitrim-(002)