Doiciméid Ghaeilge

Bóthar le Dúnadh - Rás Cnoic Cuimhneacháin Tom Devaney

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Rás Cnoic Cuimhneacháin Tom Devaney i Liatroim Thuaidh. Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí:                  Dé Sathairn, an 23 agus Dé Domhnaigh, an 24 Lúnasa 2025

Suíomhanna:  An L-4260 ón acomhal leis an R287 ag Coill an Anama go dtí Acomhal na gCúig Bhóthar, an L-4263 agus an L-4264, Bóthar Bhaile an Tóchair ón acomhal leis an R289 ag Droim Chonchúir go dtí an t-acomhal leis an L-4252, a dtugtar Bóthar an Phlandála air go háitiúil, agus an L-4262, Bóthar Bhaile an Tóchair

Malairt Slí:        Ó acomhal an L-4264 agus an R289 ag Droim Chonchúir tríd an R289 agus an R287 go Sligeach. Ó acomhal an R287 agus Bóthar Bhaile an Tóchair L-3605 agus Bóthar Bhaile Uí Dhálaigh L-3605 ag an gCorr Riabhach, Co. Shligigh tríd an R287, an R289 agus an R280 go Droim Caorthainn.

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 4 Lúnasa 2025.