Na Dréacht-Fhodhlíthe um Luasteorainneacha Speisialta, 2025
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréacht-Fhodhlíthe um Luasteorainneacha Speisialta, 2025 ullmhaithe ag Comhairle Contae Liatroma, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004, i dtaca le ceantar riaracháin Chomhairle Contae Liatroma, maille le leasuithe mar a leanas,
- Tá sé i gceist an luasteorainn 100km/u a shíneadh ó Mhulcán go Droichead an Duifriain de réir Líníocht Uimh. 203/1778A
- Ag Scoil Náisiúnta an Duifriain, tá sé i gceist fad na Luasteorann Tréimhsiúla a laghdú agus an luasteorainn a mhéadú go 60km/u de réir Líníocht Uimh. 203/1778/A40.
- Tá sé i gceist an luasteorainn 60km/u a shíneadh ó Chluainín de réir Líníocht Uimh. 203/1778/A32
- Tá sé i gceist luasteorainn thréimhsiúil 30km/u a thabhairt isteach ag Scoil Náisiúnta San Clár i gCluainín de réir Líníocht Uimh. 203/1778/A32B
Tá an t-athbhreithniú á dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Luasteorainneacha a Shocrú agus a Bhainistiú in Éirinn, arna n-eisiúint ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (Eagrán Mhárta 2015, arna leasú le caibidlí nuashonraithe i mí na Bealtaine 2025).
Tá liosta iomlán na léarscáileanna agus an sceideal a ghabhann leis na Dréacht-Fhodhlíthe um Luasteorainneacha Speisialta, 2025 le fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Liatroma ag an nasc seo a leanas: https://www.leitrim.ie/council/services/roads-and-transportation/news/
Beidh cóipeanna de na Dréacht-Fhodhlíthe um Luasteorainneacha Speisialta, 2025 agus na de léarscáileanna a ghabhann leo ar fáil lena n-iniúchadh le linn na ngnáthuaireanta oifige (Luan – Aoine ó 9:00am – 1:00pm agus ó 2:00pm – 5:00pm) sna hionaid seo a leanas, agus beidh ar fáil go dtí Dé Luain, an 11 Lúnasa 2025:
- Oifigí Chomhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc
- Oifig Cheantair Chomhairle Contae Liatroma, Bóthar Inis Ceithleann, Cluainín
Is féidir aighneachtaí maidir leis na moltaí thuasluaite nó agóidí ina n-aghaidh a chur isteach i scríbhinn chuig an seoladh thíosluaite le linn na tréimhse céanna, ach caithfidh siad a bheith faighte tráth nach déanaí ná 4pm, Dé Luain, an 11 Lúnasa 2025. Breithneoidh an Chomhairle aon aighneachtaí/agóidí den sórt sin a gheofar:
An Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála. Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma.