Doiciméid Ghaeilge

Fógra maidir le Bearradh Fálta

 

Is mian le Comhairle Contae Liatroma a mheabhrú do gach úinéir talún agus do gach áititheoir go bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu, faoi théarmaí Acht na mBóithre 1993, aon bhearradh crann nó fáil is gá a dhéanamh aon áit a bhfuil teorainn a dtalún nó a maoine teoranta leis an mbóthar poiblí chun a chinntiú nach mbíonn aon chrainn, fálta ná fásra eile ina mbaol do dhaoine a úsáideann an bóthar poiblí.  Déantar Bearradh Fáil sa tréimhse idir 1 Meán Fómhair agus deireadh mhí Feabhra gach bliain, agus le linn na tréimhse sin amháin.  Aon fháil, aon chrainn agus aon fhásra eile atá cois bóithre poiblí agus is gá a bhearradh, bearrtar iad láithreach agus baintear aon scotháin ó bhóithre agus ó cholbhaí. Cuirtear comharthaíocht chuí in airde agus bearradh fáil ar siúl.

Scéim Deontais um Bearradh Fáil agus Ceannbhrat Tarchrochta 2025/2026

D’fhonn bearradh crann agus fáil cois bóthair a spreagadh, reáchtálann Comhairle Contae Liatroma Scéim Deontais um Bearradh Fáil.  Tá an Scéim Deontais um Bearradh Fáil oscailte anois agus é mar aidhm aici bearradh fáil/crann cois bóthair ar an nGréasán Bóithre Poiblí a spreagadh. Tá sí oscailte do chách, idir iarratasóirí aonair, phobail agus ghrúpaí

  • Caithfidh 1 chiliméadar ar a laghad den ghréasán bóithre a bheith i gceist le gach iarratas
  • Is é €75 an deontas in aghaidh an chiliméadair den fhálú/de na crainn cois bóthair a bhearrtar
  • Tá deontas breise de €50 in aghaidh an chiliméadair chun craobhacha/crainn chontúirteacha a ghobann amach thar an ngréasán bóithre poiblí a bhearradh (10 gcrann in aghaidh an chiliméadair ar a laghad)

Tá Téarmaí agus Coinníollacha i gceist, agus tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ach dul chuig www.leitrimcoco.ie  nó teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Bóithre ar ríomhphost - roads@leitrimcoco.ienó ar an bhfón ar 071 9620005 Síneadh 630. 630

Is é Dé hAoine, an 30 Eanáir 2026 an dáta deiridh a mbeifear ag glacadh le hiarratais