Doiciméid Ghaeilge

Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn (Togra)

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Alt 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Fhéile Theaghlaigh agus Lá Aonaigh Dhroim Caorthainn ar an bPríomhshráid i nDroim Caorthainn, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí:        
Dé Sathairn, an 16 Lúnasa 2025, 10:00 - 20:00
Dé Sathairn, an 24 Lúnasa 2025, 17:00 - 23:00

Suíomh:    
An Phríomhshráid (R280), ó acomhal an R280-24 le bóthar áitiúil an L-4251-0 go dtí acomhal an R280-25 leis an R200-1 (Bóthar na Damhshraithe).

Malairt Slí:         
Tóg an R-200-1, R-200-2 (Bóthar na Damhshraithe) go dtí acomhal an L-4250-1, agus ar aghaidh ansin ar an L-4250-1 go dtí an t-acomhal leis an R-280-23 (Bóthar Chora Droma Rúisc).

Aon duine arb éagóir leis nó léi an cinneadh beartaithe sin chun an bóthar a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Pleanáil agus Seirbhísí Bonneagair, Comhairle Contae Liatroma, Teach Lána na Páirce, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, roimh 16:00, Dé Luain, an 28 Iúil 2025