Doiciméid Ghaeilge

Fhéile Theaghlaigh Bhéal an Átha Móir

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Fhéile Theaghlaigh Bhéal an Átha Móir, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Liatroma cinneadh a dhéanamh na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí:                       

Dé Domhnaigh, an 10 Lúnasa: 12:30 – 18:00 agus 19:30 – 00:00 (meán oíche)
Dé Luain, an 11 Lúnasa: 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Dé Máirt, an 12 Lúnasa: 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Dé Céadaoin, an 13 Lúnasa: 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Déardaoin, an 14 Lúnasa 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Dé hAoine, an 15 Lúnasa 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Dé Sathairn, an 16 Lúnasa: 19:00 – 00:00 (meán oíche)
Dé Domhnaigh, an 17 Lúnasa 12:00 (meán lae) – 01:00

Suíomh:                    An tSráid Ard (an R202-31) agus an Phríomhshráid (an R202-29 agus an R202-30) i mBéal an Átha Móir.

Malairt slí:               Trácht ag teacht ón R202 (Bóthar Mhaothla), casfaidh sé ar dheis tar éis an droichid le dul ar an L1352-2 (Bóthar na Líne Nua). Trácht ag teacht ón R199 (Bóthar na Dúcharraige), casfaidh sé ar chlé tar éis acomhal an R202 le dul ar an L1353-1 (Bóthar na Líne Nua).

Aon duine arb éagóir leis nó léi an moladh thuasluaite leis na bóithre a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Athnuachan, Iompar Inbhuanaithe agus Seirbhísí Éigeandála, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma faoi 16:00, Dé Luain, an 21 Iúil 2025.