Doiciméid Ghaeilge

Dúnadh Bóthair Sealadach - Cinneadh

Acht na mBóithre, 1993 – Bóithre a Dhúnadh go Sealadach

De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuasluaite agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre 1994, agus chun críche oibreacha Athsholáthair Príomhlíonra Uisce a éascú do Scéim Síneadh Newtownmanor i Newtownmanor, tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:

Dátaí: 07:00 Dé Luain, an 7 Iúil 2025 go 19:00 Dé hAoine, an 26 Meán Fómhair 2025, agus an dá lá sin san áireamh

An Bóthar atá le Dúnadh: L4153-1, acomhal an R286-4,5, an LP04153-1 agus an LP04157-1 ar an tSruibh/an Muine Dubh chomh fada le hacomhal an LP04153-1,2 agus an LS08154-0 i Log an Loistreáin/Corr na Leachta

Malairt Slí: Cuirfear trácht ar mhalairt slí ar an L8154-0, R286-3 agus R286-4

Tabhair do d’aire: Beidh teacht ag gnólachtaí agus muintir na háite ar an mbóthar dúnta, ach seans ann go gcaithfí na hamanna a shocrú i gcásanna áirithe.  Beidh teacht ag Seirbhísí Áitiúla agus Éigeandála ar an gcuid den bhóthar a bheidh dúnta fad a mhairfidh an Scéim. Tógfar na socruithe bainistíochta tráchta ar fad agus osclófar an bóthar arís do dheireadh seachtaine na saoire bainc i mí Lúnasa.