Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint
FÓGRA POIBLÍ
RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL CHUN ‘UISCÍ SNÁMHA’ A AITHINT DE BHUN AN TREOIR UM UISCÍ SNÁMHA 2006/7 CE DEN 15 FEABHRA 2006 AGUS NA RIALACHÁIN MAIDIR LE CÁILÍOCHT UISCE SNÁMHA IR 79 DE 2008
Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide. D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Chontae Liatroma ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce.
Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:
- Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
- Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
- Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
- Aon saincheisteanna sábháilteachta.
Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, etc., is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair Reatha, Comhairle Chontae Liatroma, Chomhshaoil, environment@leitrimcoco.ie
Is é an 27/06/2025 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Chontae Liatroma.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, environment@leitrimcoco.ie or 071 96 20005 ext. Chomhshaoil
Is féidir féachaint ar thorthaí cháilíocht na n-uiscí snámha agus ar an rangú bliantúil atá déanta orthu ag www.beaches.ie.
Tá tuarascáil is déanaí an EPA ar Uiscí Snámha in Éirinn ar fáil anseo: https://www.epa.ie/publications/
Click here for Public Participation: Identification of Bathing Waters